Bhí spórt agus spraoi ag na páistí a bhí ag freastal ar Aclaí Abú an bhliain seo!
Thaitin siad go mór leis an chúrsa aclaíochta seo tríd na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl againn i rith an deireadh seachtaine, idir ag dreapadh ar Sliabh Míol Mór, ag déanamh eitleoga nó an rang ióga, bhí rud ann fa choinne gach duine!
Chuir sé gliondar ar ár gcroíthe go raibh páistí ag freastal ó na 4 bunscoileanna áitiúla: Gaelscoil na mBeann, Bunscoil Bheanna Boirche, Bunscoil an Iúir agus Bunscoil Mhuire agus Phádraig
Comhghairdeas le na páistí a ghlac páirt in san chúrsa seo. Bhain sibh cuid mhaith amach taobh istigh den deireadh seachtaine! Bí bródúil asaibh féin!
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Caoimhe agus Sarah, na ceannairí sléibhte a bhí linn ar Míol Mór as á gcuidiú.
GRMMA leis an fhoireann, Dualta, Áine, Emer agus Clár as bhur gcuid tacaíochta i rith an chúrsa.
Chomh maith leis sin, ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge as an maoiniú don chúrsa seo.
Comments