top of page

Cé muid?

Bunaíodh Glór Uachtar Tíre i 1993 mar ghrúpa deonach leis an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga pobail i mórcheantar Chaisleán Uidhilín i ndeisceart an Dúin.  Tá maoiniú ar fáil do Ghlór Uachtar Tíre trí 'Scéim Phobal Gaeilge' de chuid Fhoras na Gaeilge agus tá Oifigeach Forbartha fostaithe go lánaimseartha dá bharr.

​

B'é 'Uachtar Tíre' an t-ainm ar tugadh do cheantar idir Sliabh Crúibe agus Machaire Rátha a fhad leis an 15ú aois.  Inniu, tá pobal Ghaeilge bríomhar faoi bhláth i gceantar Uachtar Tíre agus is ann tá scoth na gaelscolaíochta.  De thairbhe Caisleán Uidhilín a bheith lárnach sa limistéar, is ann tá meánscolaíocht Ghaeilge dheisceart an Dúin agus sluaite de ghaeil óga ag tairgint ar an bhaile go laethúil.

​

Is í aidhm Ghlór Uachtar Tíre ná freastal ar riachtanas phobal na Gaeilge anseo agus tuilleadh fás agus forbairt a chothú.

Cad é an saghas oibre

a dhéanann Glór Uachtar Tíre?

Stádas na Gaeilge

Gníomhaíochtaí a bhaineann le dearcaidh i leith na teanga agus stádas na Gaeilge sa phobal.  Mar shampla, comharthaíocht Ghaeilge, úsáid na Gaeilge ag mórócáidí ar nós lasadh shoilse na Nollag, Cór Gaeilge ag an aifreann agus úsáid na Gaeilge i spásanna poiblí.

Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an phobal a chumasú i dtaobh scileanna teanga de.  Mar shampla, tá clár leathan de ranganna ag gach leibheál againn, eagraíonn muid dianchúrsaí, cúrsaí  staidéir , campaí samhraidh agus ceardlanna.

Gníomhaíochtaí a bhaineann le deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid mar theanga phobail.  Eagraíonn muid cumann óige, ócáidí shoisiálta, ciorcal comhrá, féile, ócáidí chultúrtha, scéimeanna óige, léachtanna, cumann siúlóide agus tuilleadh!

Foghlaim na Teanga

Úsáid na Teanga

Plean Teanga 

Tá Glór Uachtar Tíre ag obair ar phlean teanga faoi láthair chun cuidiú linn fís an ghrúpa don Ghaeilge i gCaisleán Uidhilín a fhíorú.

Déan teagmháil linn más mian leat ionchur a bheith agat sna pleananna seo.

Beidh tuilleadh eolas faoi na pleananna anseo go luath.

bottom of page